Beidh deis ag cuid mhaith buaiteoirí Thuras Taisce an Céimí freastal a dhéanamh ar Euroscola i Strasbourg
an bhliain seo chugainn.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Euroscola
 
 

Mar A Oibríonn Sé

1. Tagann ceisteanna gach seachtain ar an rannóg Cheisteanna de shuíomh gréasáin an Céimí.
Níl ort ach cuardach a dhéanamh chun na freagraí cearta a aimsiú .
2. I ndiaidh gach ceiste tá nasc chuig an leathanach idirlín ina bhfuil an freagra ceart.
Nuair atá na ceisteanna uilig freagartha agat brú an cnaipe aighnithe .
3. Má tá aon fhreagraí mícheart beidh deis agat a dhul ar ais agus iarracht eile a dhéanamh.
Má fhaigheann tú na freagraí uilig ceart tá tú i dteideal duais mhór airgid a bhuachan e.g. 500 Euro .
4. Freisin, tá tú i dteideal ceann de 60 turais saor in aisce a bhuachan chuig an bParlaimint Eorpach i Strasbourg.
Gach seachtain beidh íosmhéid de luach 3000 Euro duaiseanna le buachan ag daltaí agus scoileanna go dtí go mbaintear amach iomlán an chiste duaiseanna
(suas le luach airgid 100,000 Euro). Nuair a bhuann dalta mórdhuais buann a scoil trealamh ríomhaireachta ar chomh luach le duais an dalta .
5. Chun cáiliú do dhuais caithfidh daltaí ceisteanna uilig na seachtaine sin a fhreagairt i gceart.
6. Beidh cuid mhaith duaiseanna ar rogha faoi thuairim ó gach duine ag a bhfuil na freagraí cearta uilig curtha isteach.
7. Caithfidh na rannpháirtithe uilig a bheith ina ndaltaí ar Scoileanna Céad nó Dara Leibhéil in Éirinn.
8. Déanfar gach eolas a chuirtear isteach a choinneáil faoi rún go hiomlán nuair atá tú ag clárú chun a bheith páirteach san gCeistiúchán agus ní dhéanfar é a chur ar fáil d'eagrais lasmuigh .
9. Thosaigh an tríú sraith de Cheistiúchán Thuras Taisce Céimí ar an Luan 19ú Mean Fómhair 2005. Is féidir le baill nua clárú ag am ar bith i rith na bliana.
 
 
RIALACHA
* Tá an comórtas seo oscailte do lucht cónaithe Phoblacht na hÉireann atá ina ndaltaí céad nó dara leibhéil amháin.
Ní ghlacfar le hiontrálaithe eile .
* Caithfidh tú d'ainm agus seoladh r-phoist, sonraí scoile agus uimhir theagmhála teileafóin a sholáthar don Céimí má theastaíonn uait a bheith páirteach san gcomórtas seo. Ní dhéanfaidh an Céimí do shonraí pearsanta a úsáid ach amháin ar mhaithe leis an gcomórtas seo a riaradh, agus ní dhéanfar iad a fhoilsiú nó a sholáthar d'éinne gan do chead .
* Ní ghlacfar ach le hiontráil amháin an duine.
* Ní rachfar thar bhreith an Mháistirgréasáin i ngach cás, cinn nach gclúdaítear thuas san áireamh, agus ní rachfar i gcomhfhreagras ar bith .
* Postáiltear comórtais nua gach Luan. Is é 12 a' chlog meán lae (GMT) an Domhnach ina dhiaidh sin an sprioc-am a nglacfar le hiarratais.
* Déanfar teagmháil phearsanta le buaiteoirí trí ríomhphost ag úsáid an seoladh a soláthraíodh.
* I gcás chomhscóir déanfar an iontráil bhuaite a tharraingt faoi thuairim.
* Caithfear glacadh leis an duais mar a luaitear agus ní féidir é a chur ar athló. Ní bheidh aon roghanna eile ann.
* Is tríd an idirlíon amháin atá an iontráil. Ní ghlacann an Céimí freagracht i leith iontrálacha atá mall nó caillte i ngeall ar an Idirlíon.
Ní cruthúnas a fhaighte é cruthúnas a chur .
* Ní féidir leis an Céimí freagracht a ghlacadh i leith naisc bhriste do shuíomhlíonta ina bhfuil freagraí ar an gceistiúchán nó i leith aon bhotúin fhíorasacha nó eile ins na ceisteanna nó freagraí a soláthraítear. Ní chuidíonn an Céimí leis na suímh seo nó ní dhéanann fíordheimhniú ar an eolas atá iontu .
* Caithfidh iarrthóirí sonraí iomlána a sholáthar mar a iarrtar thuas, agus déanamh de réir na rialacha uilig chun a bheith i dteideal na duaise/nduaiseanna. Ní ghlacfar le freagracht i leith iontrálacha mí-oiriúnacha nó iontrálacha déanta go calaoiseach .
* Níl an comórtas seo oscailte d'fhostaithe nó do chonraitheoirí an Céimí, d'aon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige/aici leis an Céimí nó i rith an chomórtais, nó dá mbaill chlainne .
* Measfar duaiseanna gan éileamh tar éis 28 lá a bheith caillte agus beidh sé de cheart ag an Céimí an duais a
athairiscint don duine a dtarraingítear a ainm ar an gcéad rogha eile faoi thuairim, nó an duais a ath thairiscint in aon chomórtas eile ar an Céimí .
* Measfar na rialacha seo a bheith glactha ag na hiarrthóirí agus iad a bheith faoi cheangal acu ar chur isteach ar an gcomórtas dóibh.
* Tá na rialacha seo faoi smacht dlíthe Phoblacht na hÉireann.
 
Google