|
|
|
AN
PHARLAIMINT EORPACH EUROSCOLA
|
 |
Socróidh todhchaí an Aontais
Eorpaigh, a ról, a eagar agus a áit sa domhain
todhchaí Eorpaigh óga. Tá sé
níos tábhachtaí ná ariamh
ógánaigh ár dtíortha a tharraingt
isteach i gcinnidh a thógáil, roghanna a
dhéanamh agus dualgais a roinnt, chun go mbeidh
siad mar pháirt de shaol daonlathach na hEorpa.
Ní féidir leis an Aontas Eorpach fanacht
ina mhistéir d'ógánaigh san Eoraip.
An fhad is atá siad ag déanamh roghanna
faoin a saoil agus ag iarraidh teacht ar threo, caithfidh
siad a bheith in ann páirt a thógáil
ins an díospóireacht Eorpach agus éagsúlacht
agus aontacht a chleachtadh dóibh fhéin.
Ar mhaithe leis an riachtanas seo a shásamh,
rinne an Pharlaimint Eorpach an clár Euroscola
a sheoladh, chun cur ar chumas dhaoine óga teacht
le chéile, a gcuid deacrachtaí agus cleachtaithe
a phlé agus aithne a chur ar a chéile.
Eagraíonn an Pharlaimint Eorpach cruinnithe rialta
le daltaí meánscoile ón 25 Ball
Stát den Aontas Eorpach ina leathchiorcal i Strasbourg,
i bhfoirm Parlaiminte Eorpaigh don Óige.
Ag gach imeacht, tugtar cuireadh do 500 dalta (16 go
18 mbliana d'aois), ag a bhfuil réamhobair déanta
sa rang, lá a chaitheamh ag an bParlaimint Eorpach
ar mhaithe
|
- len iad a chur ar an eolas maidir le hoibreacha
na n-institiúidí Eorpacha
- len iad a chur ar an eolas maidir lena ról
in eagar na hEorpa san am atá le teacht
- len iad a chur ar an eolas maidir leis an ghá
atá le hinfheistíocht a dhéanamh
i ndaonlathas agus i gcearta an duine
- le fóram a thairiscint dóibh chun
a dtuairimí pearsanta a chur in iúl
agus a dtiomantas a láidriú
|
|
Tá sé deacair ionad níos oiriúnaí
a shamhlú ná an Pharlaimint Eorpach, lárphointe
shaoil dhaonlathaigh na mór-roinne, a fháiltíonn
roimh dhaoine óga agus, i láthair
glan-shiombalach, a sholáthraíonn dóibh
deis labhartha agus tuairimí a mhalartú
ar
ghné shonrach agus ar an ghá le comhthuiscint,
bunaithe ar thoilteanas daoine óga aithne a chur
ar a chéile.
Cuireann Euroscola imoibriú éasca ar chumas
daoine óga de náisiúntachta difriúla.
Chomh luath is a shroicheann siad an Pharlaimint Eorpach,
stopann na daltaí a bheith ag déanamh
ionadaíochta dá scoileanna féin,
agus tosnaíonn siad ar a bheith comhpháirteach
i ngrúpaí oibre ilteangacha de thimpeall
100 rannpháirtithe.
Déantar an rogha grúpa agus na hábhair
atá le plé a shocrú an lá
roimh ré ins na hionaid éagsúla
oideachais.
Eagraítear na cluichí, ceistiúcháin
agus suirbhéanna ar bhealach a éilíonn
ar dhaltaí ó chúlraí éagsúla
teanga agus náisiúntachta oibriú
le chéile.
Ar fud an lae, déantar rannpháirtithe
a spreagadh chun lán úsáid a bhaint
as a gcuid eolais ar theangacha chun a bheith i gcumarsáid
lena gcomhleacaithe ó thíortha Eorpacha
eile, chun breathnú ar theangacha iasachta mar
bhealach malairte, chun deacrachtaí daoine eile
a thuiscint, a ndearcaidh agus a mianta, agus chun fáilte
níos fearr a chruthú do dhaoine óga
le traidisiúin agus nósanna difriúla.
Ta sé bunúsach chun go n-éireoidh
leis an lá go bhfuil na rannpháirtithe réitithe
go maith don gcruinniú, chun gur féidir
leo páirt ghníomhach a imirt ins na comhráití,
cuid acu a reáchtálfar i dteanga iasachta,
ar ábhair a bhfuil roinnt machnaimh tugtha acu
dóibh cheana féin.
Ag deireadh an lae, tabharfar do gach rannpháirtí
teastas sínithe ag Uachtarán na Parlaiminte
Eorpaigh.
|
|
Lá
EUROSCOLA ag an bParlaimint Eorpach
Ar theacht chuig an bParlaimint Eorpach ag 08.30, buaileann
500 ógánach (16 - 18 mbliana d'aois) le
chéile ag bricfeasta, nuair a mínítear
sonraí an chláir dóibh.
Tar éis an chéad chruinnithe seo, déanann
na rannpháirtithe, atá cheana féin
curtha isteach i ngrúpaí ilnáisiúnta
(chun aon chur amú polaitiúil a sheachaint,
ceaptar iad seo trí mhúnlaí geoiméadracha),
a mbealach chuig an leathchiorcal, áit a nglacann
siad le suíocháin na mBPE. Tosnaíonn
an seisiún le róbharúil ról
na Parlaiminte Eorpaigh, le uair a' chloig ceisteanna
agus plé ina dhiaidh, chomh maith le ceistiúchán
maidir le pleananna na ndaltaí agus a gcuid eolais
faoin Eoraip, nuair a úsáidtear córas
leictreonach vótála na Parlaiminte Eorpaigh.
Is deis é am lóin d'imoibriú mór,
le rannpháirtithe ag dul isteach i bhfoirne níos
lú, de cheithre náisiúntachta difriúla,
chun páirt a ghlacadh i gcluiche leagtha amach
i dteangacha oifigiúla an AE.
Tar éis lóin, téann na daltaí
ar ais ina gcúig ghrúpaí oibre
faoi seach, ar a gceaptar
cathaoirleach agus urlabhraí. Glacann gach grúpa
oibre le rún ar a ndéanann a n-urlabhraí
cosaint san lánphlé.
Is é an téacs deireanach a nglacann na
rannpháirtithe uilig leis ná rún
Euroscola an lae. Cuireann ionadaí ón
bParlaimint Eorpach críoch leis an díospóireacht.
Críochnaíonn an lá le seisiún
ceannais an cheistiúcháin ar eolas faoin
gcultúr Eorpach agus searmanas clabhsúir
a gcantar amhrán náisiúnta na hEorpa
ag a dheireadh. Tugtar brat Eorpach do gach scoil agus
teastas sínithe ag Uachtarán na Parlaiminte
Eorpaigh chomh maith le grúpghrianghraf do gach
rannpháirtí.
|
|
Clár
"EUROSCOLA"
8.30 r.n.
- Sroicheann rannpháirtithe Áras na Parlaiminte
Eorpaigh "Louise Weiss" (IPE IV)
- Tástáil slándála
- Fáilte
- Suaitheantais agus clár an lae roinnte thart
9.15 r.n.
- Bricfeasta le rannpháirtithe eile
- Bronnadh agus coimriú ar an gclár don
lá
- Rannpháirtithe roinnte i ngrúpaí
oibre ilteangacha
10.00 r.n.
- Aistriú chuig Seomra an Árais "Louise
Weiss"
- Daoine óga suite i suíocháin
na mBPE
- Óráid ghearr fháiltithe
- Fáiltiú chuig an bParlaimint Eorpach
agus an Aontas Eorpach ag oifigigh na Parlaiminte Eorpaigh
- Déanann dalta gach scoil a chur in aithne (nóiméad
amháin do gach scoil)
- Ceisteanna/díospóireacht ar fhorbairt
na hEorpa
- Grianghraf.
12.45 i.n.
- Lón curtha ar fáil ag bialann na Parlaiminte
Eorpaigh
- Tosnaíonn "Eurogame" le foirne cheathrar
imreoir (de cheithre náisiúntacht éagsúla)
|
|
2.00 i.n.
- Tagann grúpaí oibre le chéile
i seomraí coistí i gcóir plé
agus malartú tuairimí ar phrióireachtaí
Eorpacha, bunaithe ar théamaí réitithe
ar scoil. Roghnaíonn gach grúpa "feidhmeannach"
ionadaíodh agus dalta chun a gcuid barúlacha
a chur i láthair.
- plé thart ar an mbord idir múinteoirí
agus oifigeach PE.
4.00 i.n.
- Filleadh ar Sheomra Fhoirgnimh "Louise Weiss"
do sheisiún iomlán agus bronnadh tuairiscí
ar glacadh leo i ngrúpaí oibre
- conclúidí agus moltaí
- Cluiche ceannais "Eurogame" agus bronnadh
duaiseanna
- Bronnadh teastais "Euroscala"
- Bronnadh brait Eorpaigh do gach grúpa páirteach
- Amhrán náisiúnta na hEorpa
5.30 i.n.
- Fágáil
ÁBHAIR
DHÍOSPÓIREACHTA - 2004 -
Páirtí oibre Uimh. 1:
'Daonlathas Eorpach' (ciorcal)
Cén chaoi páirtíocht shaoránach
a chinntiú i saol polaitiúil ár mór-roinne
- Páirtí oibre Uimh. 2:
'Timpeallacht' (traipéisiam)
Comhoiriúnacht fhorbairt eacnamaíochta
le meas ar an timpeallacht
- Páirtí oibre Uimh 3:
'Áit luachanna Eorpacha ins an domhain' (cearnóg)
Síocháin, sábháilteacht,
ceart agus cearta daonna
- Páirtí oibre Uimh. 4:
'Óige' (triantán)
Céard is féidir leis an óige a
dhéanamh don aontas Eorpach
agus céard leis an bhfuil siad ag súil
ar ais?
- Páirtí oibre Uimh. 5:
'Todhchaí na hEorpa' (diamant)
Céard iad prióireachtaí eacnamaíocha,
polaitiúla, institiúide
agus sóisialta d'Eoraip an lae amáraigh?
|
|
|
|
|